Sunday, September 28, 2008

Bhuel, cad go díreach atá ag tarlú sa tír seo?

Please note that VSO is in no way connected with or responsible for the content, comments and observations in this blog: these are solely my own in a personal capacity.

Réamhnóta: mo leithscéal as chomh fada agus atá sé seo!!

Rud amháin a dúradh liom agus mé ag teacht anseo ná gan aon ábhar polaitiúil a chur i mblaganna nó fiú i mo chuid emails. Measaim go bhfuil daoine b’fhéidir beagáinín róeaglach faoi na cúrsaí seo ach, os rud é go bhfuil an t-ábhar seo á tháispeáint go hoscailte ar an idirlíon (seachas a bheith á chur go príobháideach chuig daoine aonair) coinneoidh me mo chuid tagairtí agus smaointe ar chúrsaí polaitíochta (agus aon rud achrannach eile) i nGaeilge. Dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu, faigh duine éigin go bhfuil (cé nach mbeidh sibh in ann an moladh sin féin a léamh!).

Rud eile faoi, tá sé fíorthábhachtach do VSO nach mbreathnófaí orthu faoi go rabhadar rud ar bith seachas neamhspleách go hiomlán i gcúrsaí polaitíochta. Ar ndóigh, tá VSO i bhfad ró-politically correct (cuir leagan Gaeilge chugam air sin, duine éigin) le rá linn glan nach bhfuil cead againn páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta anseo ach tháinig siad chomh gar dó agus a d’fhéadfaidís. Bhí fadhb an-mhór níos luaithe i mbliana le oibrí deonach de chuid VSO a rinne a leithéid (tá sé AN-DEACAIR fáil amach cad go díreach a rinne sé): mar sin moltar dúinn gan labhairt le daoine ar chúrsaí polaitíochta inmheánacha, gan bheith páirteach i léirsithe, cruinnithe nó agóidí, gan suaitheantais nó t-léinte a chaitheamh le manaí nó siombail pholaitiúla agus mar sin de.

É sin ráite, ní fhéadfainn teacht chuig tír mar seo, tír a raibh an oiread sin spéise agam inti fiú sular tháinig me, gan súil a dhíriú ar an taobh sin de chúrsaí. Mar sin, tar éis fiche lá a chaitheamh anseo, seo mar a bhreathnaíonn cúrsaí don tsúil eachtrannach!

Sna toghacháin pairliminte an tseachtain seo caite bhuaigh páirtí an rialtais go heasca le móramh mór. Ar ndóigh, os rud é nár sheas aon pháirtí mar fhreasúra (thaobhaigh gach páirtí eile a sheas le polasaithe an rialtais) ní aon ionadh. Tá (measaim) cúig pháirtí ann ar fad – an t-aon pháirtí a bhí ann a bhí i gcoinne an Rialtais, diúltaíodh cead dóibh seasamh ar an mbonn gur sháraigh an páirtí na rialacha dochta atá ann faoi chosc a bheith ar aon pháirtí polaitíochta atá bunaithe ar bhonn eitneach (sa chás seo gur dírithe ar Hutus amháin a bhí siad). Tá céatadán na mban sa pharlaimint ardaithe ó 48% chuig 55%, rud a léiríonn mar atá ag éirí le polasaí oifigiúil an rialtais i dtaca le stádas na mban, seachas aon mhórathrú i meon agus dearcadh na ndaoine i gcoitinne sa tír.

Ní chloistear riamh aon chaitheamh anuas ar pholasaithe an rialtais nó ar an Uachtarán Kagame féin. Tá a phictiúir siúd le feiceáil i ngach foirgneamh poiblí – scoileanna, bainc, oifig poist, fiú tithe ósta is bialanna uaireanta. Tá na húdaráis an-dian faoi ráiteas ar bith a cheaptar a bheith frithrialtais. Ceann de na bealaigh is fearr le gáire a bheith agat ná an New Times a léamh, an príomhnuachtán Béarla anseo. Is beag alt ann nach bhfeiceann tú lámh PRO an rialtais taobh thiar de, go háirithe agus iad ag caint ar na Náisiúin Aontaithe, an Fhrainc is an Bheilg agus lucht na Hutus a bhfuil dídean fós á thairiscint dóibh sna tíortha sin. Bhí raic ollmhór an bhliain seo caite nuair a scríobh oifigeach de chuid an UNDP (nó eagraíocht éigin de chuid an UN) tuarascáil ag insint na fírinne faoi chuid de na rudaí a bhí ar siúl sa tír. Aontaíonn beagnach gach duine nach raibh ann ach an fhírinne agus is ag cur síos ar mhí-éifeacht seachas coiriúlacht de chineál ar bith a bhí sé. Ach chuaigh an rialtas as a chiall, ag rá gur chuid eile de phlean an UN a bhí ann le drochmheas a chaitheamh ar Rwanda agus sa deireadh tharraing an UN siar an tuarascáil, ghabh leithscéal ar son an oifigigh (a bhí ag éirí as ar aon nós – b’shin an fáth go raibh sé de dhánaíocht a leithéid a dhéanamh!) agus d’fhoilsigh leagan leasaithe cúpla mí ina dhiaidh sin a bhí níos sásúla!

Agus sin ar fad ráite, agus go háirithe tar éis bheith ag caint le go leor daoine eile anseo a chaith tamall ag obair i go leor tíortha eile ar an mór-roinn seo, tá sé dochreidte chomh socair is atá cúrsaí anseo. Don chuid is mó, ta daoine sásta go leor le cúrsaí polaitíochta, go háirithe nuair a bhreathnaíonn siad ar na tíortha mórthimpeall orthu: an Congo ina scrios fós (tuilleadh faoi sin níos déanaí) agus cúrsai fós dona go leor i mBurundi (tá cosc iomlán orainn taisteal chuig an dá thír sin – maraíodh oibrí de chuid an VSO i mBurundi an bhliain seo caite nuair a thug sí neamhaird ar an moladh seo agus thóg sí bus chuig Bujumbura. Stop treallchogaithe an bus agus mharaigh siad gach duine a bhí air ar thaobh an bhóthair). Freisin, bhain na himeachtaí i Kenya geit uafásach as an tír ar fad – ní amháin go bhféadfadh a léithéid tarlú i dtír a bhí (mar a cheap daoine gach áit ar domhain) ar na tíortha ba shocair san Afraic ach – gan amhras – gur tháinig a lán drochchuimhní ar ais chuig gach duine láithreach. Is deacair cuimhneamh uaireanta nach bhfuil sé ach ceithre bliana déag ó tharla na sléachtanna anseo agus go raibh beagnach gach duine a fheiceann tú pairteach ann ar bhealach amháin nó ar bhealach eile (agus ar thaobh na ndúnmharfóiri don chuid is mó).

Ar ndóigh, dóibh siúd a bhfuil eolas acu ar an méid a tharla ceithre bliana déag ó shin, ní aon ionadh go bhfuil an tír seo amhrasach faoi na Náisiúin Aontaithe agus faoin Aontas Eorpach (measann siad go bhfuil tionchar an-mhór ag an Fhrainc ar gach cinneadh a dhéantar ansin). Tá fhios ag cách faoin tuarascáil a foilsíodh anseo le déanaí faoi ról na Fraince sna sléachtanna, faoin gcúirt sa Fhrainc a d’eisigh barántas don Uachtarán Kagame ag maíomh gurb é atá ciontach as marú an Uachtaráin Habariyama agus an bealach ar dhún an rialtas anseo Ambasáid na Fraince. Is cinnte go bhfuil an rialtas anseo fós an-pháirteach sa chogadh atá fós ar siúl in Iarthar an Chongo, cé nach n-admhaítear sin go hoscailte ach – chun na fírinne a ra – ní féidir liom bun ná barr a dhéanamh as atá ar siúl ansin.

Ar aon nós, gan dul níos doimhne isteach i gcúrsai nach bhfuil an oiread sin eolais agam futhu (!) tá Rwanda faoi láthair ar cheann de na tíortha is siochánta agus is socair san Afraic - faoi láthair. Airíonn tú iontach sábháilte i ngach áit, tá daoine cairdiúil (fiosrach, ach cairdiúil) le eachtrannaigh ar bhealach nach bhfeiceann tú go minic i dtíortha maguird (dar leo siúd a bhí ag obair i Tanzania, Kenya is Uganda). Tá na póilíní freisin cairdiúil is cabhraitheach, a bhformhór acu gan airm. Tá an leibhéal corruption ceapaithe bheith ar an ceann is ísle san Afraic. Tá an ráta fás eacnamaíoch fós an-ard agus dul chun cinn maith déanta in oideachas, sláinte agus roinnt ranna eile. Tá iarratas Rwanda do bhallraíocht sa British Commonwealth á phlé agus ceaptar go nglacfar leis roimh an chéad ollchruinniú eile den Commonwealth i mí na Samhna na bliana seo chugainn. Agus tá pleananna difriúla ag an Rialtas don todhchaí le teacht timpeall ar chuid de na mhórdheacrachtaí bunúsacha ata ag an tír seo: bóthar iarainn nua chuig an gcósta i Tanzania chun teacht timpeall ar an gcostas ollmhór gach rud a thabhairt isteach ar bhóithre, líne ola ar an mbonn céanna, díriú ar IT sna scoileanna is ollscoileanna chun cineál ‘East African Digital Hub’ a dhéanamh as an tír agus Béarla a chur in ionad na Fraincise le taispeáint gur leis an OirAfraic a bhaineann Rwanda anois (Kenya, Tanzania is Uganda).

Ach ...... faoi láthair is deacair a fheiceáil conas a éireoidh le aon cheann acu seo agus níl na rudaí sin ag díriú ar na fadhbanna is mó atá ann. Níl an fás eacnamaíoch ag freastal ar formhór an daonra – feiceann tú an t-ardaicme is meánaicme nua i mButare is Kigali ach níl iontu ach céatadán fíorbheag den daonra. Tá an daonra ag fás ag ráta 3% in aghaidh na bliana – rachaidh an daonra ó 9 milliun chuig beagnach 20 milliúin taobh istigh de 25-30 bliain. Tá an méid talúna atá ar fáil dóibh ag ísliú agus an talamh atá ann tá an chré ídithe agus spíonta. Tá an ráta eisimirce iontach íseal: is fuath le mhuintir Rwanda a bheith ó bhaile. Iad siúd a théann thar lear filleann siad a luaithe agus is féidir leo. Is cuma cé mhéad postanna IT a chruthaíonn tú nó má éiríonn leat praghas an ola a ísliú trí phíopa a thógáil – cad a dhéanfaidh an tír seo le 20 milliún duine nuair nach féidir leat deileáil leis an 9 milliún atá ann faoi láthair?

Ní he nach dtuigeann an Rialtas seo ach nuair atá an fhadhb chomh mór agus chomh scanrúil sin, is fearr b’fhéidir gan caint faoi go ró-oscailte. Tá polasaí ag an Rialtas gan ach trí pháiste a bheith ag gach clann ach níl ann ach moladh agus níl se d’acmhainn ag 97% den daonra leas a bhaint as modhanna frithghiniúna fiú dá mbeidís toilteanach a leithéid a dhéanamh (ní ach le déanaí a tharraing na hEaglaisí siar a gcosc ar choiscíni a úsáid sa chogadh in aghaidh SEIF). Tá a lán oibre ar siúl i dtaca le caomhnú na talún, modhanna nua feirmeoireachta, díriú ar chaife is tae mar tháirgí easportála, feirmeoireacht éisc agus go leor eile. Ach mura féidir le duine éigin teacht ar fhreagra ar an mbonncheist Malthusach seo, níl ann ach snámh in aghaidh easa.

Sin ráite, nuair a bhreathnaíonn tú ar chuid de thíortha na hÁise agus an mórthitim tobann a tháinig ar an ráta breithe nuair a d’fheabhasaigh cúrsaí eacnamaíochta, feictear dúinn go dtarlaíonn a leithéidí: más féidir leis an Rialtas anseo feabhas a chur ar an saol eacnamaíoch ar bhealach a dhéanfaidh difir mór i saolta na ngnáthdhaoine, b’fhéidir go mbeadh seans éigin ann ansin.

Bhuel, sin iad mo smaointe faoi láthair (agus, cosúil leis an mblag féin, rófhada agus iomarca athrá!!) B’fhéidir go dtabharfainn faoin gceist arís i gceann tamall nuair atá níos mó den tír féin feicthe agam (agus níor labhair mé faoi cheist na teangan anseo – sin an chéad ábhar cainte eile is dócha, fíorspéisiúil dúinne a bhfuil cur amach againn ar stair na Gaeilge sa chóras oideachais againn féin).

Slán tamall! Murabeho!

No comments: